Bain amach barr do chumas
An Fochéimí tú atá sa dara nó sa tríú bliain agus suim agat gairmréim a bhaint amach i réimse bainteach le ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht nó Matamaitic)? An bhfuil fonn ort tús a chur le do ghairmréim an samhradh seo i gcuideachta bheomhar inar féidir leatsa difear a dhéanamh agus maitheas a dhéanamh don chomhshaol? Tá fáilte roimh iarratais ar Intéirneacht Samhraidh ETIM go dtí an 07 Feabhra 2025. Faigh tuilleadh eolais thíos.
Intéirneacht Samhraidh ETIM
Mar rannpháirtí sa Chlár Intéirneachta ETIM s’againne gheobhaidh tú tuiscint mhaith ar an mbealach a fheidhmíonn Fóntas Náisiúnta Uisce na hÉireann agus gheo haidh tú tuiscint ar an éifeacht a bhíonn againn ar shaol na ndaoine. Beidh an deis agat a bheith i dteagmháil le daoine gairmiúla ar fud na heagraíochta agus do thaithí ghairmiúil féin a fhorbairt. Glacfaidh tú páirt i gClár Forbartha an Acadaimh Intéirneachta a chabhróidh leat tuiscint a fháil ar roghanna gairmréime romhat amach, agus forbrófar tú mar dhuine gairmiúil agus tabharfar na scileanna cuí duit chun a bheith rathúil. Ní bheidh tusa ag déanamh an tae....beidh tú ag cabhrú linn an t-uisce a chuirtear sa chupán a chosaint
Beidh deiseanna Intéirneachta ETIM Samhraidh ar fáil sna réimsí a leanas:
- Innealtóireacht
- Eolaíocht
- Airgeadas
- Slabhra Soláthair
- TF
- Suirbhéireacht Chainníochta
Fút Féin
Chun iarratas a dhéanamh ar ár gClár Intéirneachta ETIM Samhraidh ní foláir duit a bheith:
- I d’fhochéimí sa dara nó sa tríú bliain atá ag tabhairt faoi staidéar i ndisciplín gaolmhar
- Ag filleadh ar do chuid staidéar go lán-aimseartha i mí Mheán Fómhair tar éis duit Intéireacht Samhraidh a chur i gcrích
- Cumasach ó thaobh fadhbanna a réiteach agus go mbainfeá sult as a bheith ag obair i bhfoirne éagsúla, agus a bheith láidir ó thaobh scileanna cumarsáide de
- Ar do chumas tionscnaíocht, nuáil agus treallús a thaispeáint, mar aon le bheith bródúil as an obair a chuireann tú i gcrích.
- Spreagtha ag an bhféidearthacht filleadh ar Uisce Éireann mar Chéimí
- Ní mór go mbeadh an ceart dlíthiúil agat obair a dhéanamh in Éirinn le linn thréimhse an Chláir
Atá á chur ar fáil againn
- Taithí ar eagraíocht atá casta agus dírithe ar inbhuanaitheacht
- Clár cuimsitheach foghlama agus forbartha lena n-áirítear máistir-ranganna le saineolaithe ábhair ar fud an ghnó
- Pobal bisiúil, comhoibriú á chothú, ag treorú chuile dhuine chun barr a gcumas a bhaint amach agus chun a gcuid ard-aidhmeanna féin a bhaint amach
- Léargas iontach ar an Tionscal Uisce, agus léargas iomlánaíoch á thabhairt duitse dár n-eagraíocht
- Tuarastal cóir agus rochtain ar réimse leasanna d’fhostaithe
- An bhfuil tusa réidh chun bonn láidir a chur faoi do ghairmréim le ceann de phríomhfhostóirí céimithe in Éirinn?
- Socruithe solúbtha d’obair chumaisc
- Suíomh: Corcaigh nó Baile Átha Cliath
Conas mar atá sé a bheith ag obair mar intéirneach in Uisce Éireann?
Léigh atá ráite ag daoine gairmiúla eile atá ag tús a saol gairmiúil.
Virginia - Innealtóireacht
"Cuireann Uisce Éireann deiseanna iontacha ar fáil chun foghlaim agus forbairt a dhéanamh agus cothaíonn sé sin forbairt phearsanta. Tá réimse leathan daoine in Uisce Éireann, ó dhisciplíneacha éagsúla agus ó chúlraí éagsúla, ach mar sin féin, tá áit ann do gach uile dhuine, agus tá cláir réamhghníomhacha ann a thacaíonn le hÉagsúlacht agus Ionchuimsiú laistigh den chuideachta"
Haoja - Airgeadais
"Bainim sásamh thar na bearta as a bheith ag obair in Uisce Éireann mar chéimí airgeadais. Is breá liom é gur obair fhuinniúil atá ar siúl agam, tugtar an deis dom mo chuid scileanna a úsáid ar bhealach suntasach. Cothaítear cothromaíocht oibre is saoil, agus cuireann comrádaíocht i measc comhghleacaithe go mór leis an timpealacht dhearfach oibre. Bainim sásamh as gach lá in Uisce Éireann toisc go mbím ag obair i gcomhar le daoine cumasacha. Mholfainn Uisce Éireann mar is áit oibre den chéad scoth é. Is é an meascán den obair chumaisc agus cultúr tacúil foirne is bun le timpeallacht inar féidir le duine dul chun cinn a dhéanamh go gairmiúil agus go pearsanta"
Sophie - Pleanáil
"I rith mo chuid ama ar an gclár d’fhoghlaim mé an t-uafás san oifig agus ar an láithreán. Tá meascán iontach d’obair oifige agus cuairteanna amuigh chuig láithreáin agus b’shin rud a mheall mise chuig an gclár. Is mór an sásamh a bhaintear as an deis cur le rathúlacht tionscadail agus é a fheiscint romhainn ar an láithreán- níl a shárú ann. Mholfainn go láidir d’aon mhac léinn atá ag smaoineamh ar theacht chuig Uisce Éireann é sin a dhéanamh"
Dipendra - TF
"Is aoibhinn liomsa an t-atmaisféar cairdiúil oibre atá sa chuideachta, ina bhfuil chuile dhuine ag speagadh a chéile chun go mbainfí barr feabhais amach. Bímse ag obair i dTF sa rannóg Togála & Seachadta, áit a mbímid ag obair ar thionscadail chun feidhmchláir a chur ar fáil laistigh den chuideachta d’fhonn éifeachtúlacht a mhéadú sna córáis agus sna seirbhísí a chuireann Uisce Éireann ar fáil dá gcustaiméirí. Mholfainn Uisce Éireann mar áit chun obair a dhéanamh ann toisc go bhfuil cultúr foghlama ann lena gcumasaítear do gach duine dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmréim."
Isabelle - Oibríochtaí Socmhainne
"Is breá liomsa a bheith ag obair d’Uisce Éireann toisc go bhfuil timpeallacht fháilteach agus thacúil ann, agus toisc go bhfuil an fhoireann fíor-lách agus toisc go bhfuil béim láidir ar mheabhairshláinte agus ar fholláine. Tá neart deiseanna ann a bheith rannpháirteach agus bheith gníomhach i réimse leathan de ghníomhaíochtaí éagsúla. Molaim Uisce Éireann go hard na spéire mar áit chun a bheith ag obair ann, cothaíonn sé cultúr ina bhfuil meas ar chomhoibriú, ar fhobairt phearsanta agus ar ionchuimsitheacht."
William - Innealtóireacht
"Ba thaithí iontach é a bheith ag obair le hUisce Éireann chuir sé go mór le mo shaol. Bainim taitneamh as an dúshlán agus as an bhfreagracht a bhaineann le córais theiliméadracha a dhearadh; is córais iad a chabhraíonn linn a chinntiú go bhfuil ár mbonneagar uisce agus fuíolluisce ag feidhmiú go héifeachtach agus go hiontaofa. Táimse buíoch freisin as na deiseanna atá agam obair i gcomhar le comhghleacaithe cumasacha atá ag cur go mór leis an obair a dhéanaimid chun comhshaoil uisce na hÉireann a chosaint. Mar fhostaí mothaím go bhfuil meas orm agus táimse bródúil as a bheith páirteach in eagraíocht a bhfuil éifeacht dhearfach aici ar Éirinn."
Tá Uisce Éireann tiomanta d’ionad oibre a chur ar fáil atá éagsúil, ionchuimsitheach le straitéis agus creat láidir chun é seo a chumasú. Is fostóir comhheiseanna é Uisce Éireann agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí, beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó ar bhunús eitneach, ar bhall den lucht siúil thú/iad, ar reiligiún nó ar creidimh, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
Réidh le hiarratas a dhéanamh?
Tá fáilte roimh iarratais ar Intéirneacht Samhraidh ETIM go dtí an 07 Feabhra 2025. Déan Iarratas anois!