Skip to main content

Deiseanna do Chéimithe 2025

Tá an deis iarratais a chur isteach ar Chlár na gCéimithe 2025 in éag anois.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an deis iarratais a chur isteach ar Chlár na gCéimithe 2025 in éag anois.

Cad atá i ndán duit le do ghairmréim?

Ní raibh am chomh hiontach riamh ann ná an am i láthair chun dul isteach in Uisce Éireann, is eagraíocht sinn atá ag fás go tréan agus bímid ag lorg céimithe cumasacha, uaillmhianacha ó gach disciplín chun teacht ag obair linn agus seirbhísí uisce in Éirinn á n-athrú ó bhonn.

Earcaímid thar 8 sruth, a chlúdaíonn gach uile chuid den eagraíocht. Beidh babhtaí sealaíochta go foirne difriúla i gceist le gach sruth beidh deis ar leith agat a bheith ag obair ar thionscadail éagsúla agus taithí a fháil ar obair le raidhse páirtithe leasmhara.

Beidh tú rannpháirteach inár gconair foghlama atá saincheaptha do chéimithe, ‘An Ollscoil Uisce,’ leis an gconair sin tabharfar tacaíocht dod’fhorbairt leanúnach mar cheannaire de chuid Uisce Éireann amach anseo. Bíonn tacaíocht airgeadais agus tacaíocht phraiticiúil do cháilíochtaí gairmiúla ábhartha mar chuid de roinnt sruthanna freisin. Beidh roinnt róil bhuana le hUisce Éireann ar fáil ag deireadh an Chláir.

Aimsigh an rud a oireann duitse

Cliceáil ar gach bosca chun a thuilleadh a fhoghlaim maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil agus aimsigh an ceann atá in oiriúint duitse. 

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an deis iarratais a chur isteach ar Chlár na gCéimithe 2025 in éag anois.

An Próiseas Earcaíochta

Teastaíonn uainn aithne a chur ortsa agus fáil amach cad iad na scileanna agus taithí a bhéarfaidh tú leat chuig Uisce Éireann. Seo a leanas a bheidh romhat sa phróiseas earcaíochta:

  • Ba mhaith linn aithne a chur ortsa! Is é an chéad chéim ná go gcuirfidh tú cúpla sonra ar fáil dúinn fút féin, do chéim agus do thaithí. 
  • Tástálacha Síciméadracha: Is measúnaithe oibiachtúla iad seo a úsáidimid chun do chumas cognaíoch agus saghsanna iompair a mheas d’fhonn tuiscint níos fearr ar d’acmhainneacht in Uisce Éireann a fháil.
  • Má éiríonn leat sna tástálacha síciméadracha tabharfar cuireadh duit freastal ar agallmh 30 nóim. agus cur i láthair 15 nóim.
  • Cuirfear tairiscintí agus aiseolas ar fáil a luaithe in Éirinn agus is féidir é tar éis na n-agallamh.

Tá ár gclár I-Belong ríthábhachtach maidir leis an mbealach ina ndéanaimid ár ngnó, ó thaobh teagmháil a bhíonn againn le custaiméirí agus mar beidh mar thacaíocht duitse agus tú ar d’aistear chun teacht isteach chuig Uisce Éireann. Táimid tiomanta do phróiseas earcaíochta a chur chun cinn atá cóir, éagsúil agus ionchuimisitheach, chun a chinntiú go mbíonn taithí chóir, chothromasach ag gach duine. Más rud é go bhfuil aon riachtanas agat nó más rud é go bhfuil aon tacaíocht sa bhreis de dhíth ort i rith an phróisis, molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn. Táimid anseo chun teacht i gcabhair ort in aon slí a chabhródh leatsa a bheith rathúil.

Seol ríomhphost chugainn ag earlycareers@water.ie agus abair linn conas is féidir linn tacaíocht a thabhairt duit. Is cás linn do rathúlacht agus táimid anseo chun cabhrú leat a bheith bisiúil.

 

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann atá tiomanta d'ionad oibre éagsúil cuimsitheach a chur ar fáil le straitéis agus le creat láidir chun é seo a chumasú agus trínár bpróiseas earcaíochta cuirimid fáilte roimh agus iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid a leithéid d'iarratais, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó ar bhunús eitneach, ar bhall den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.