Conas uisce a chaomhnú i do ghnólach
Déan do chion maidir le soláthar uisce na hÉireann a chosaint agus déan costais ghnó a laghdú. Foghlaim conas is féidir leat difear a dhéanamh trí uisce a chaomhnú i do ghnólacht.
Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce d'earnáil na tionsclaíochta agus na talmhaíochta. Ach níl ach méid teoranta de ann. Táimid anseo chun cabhrú leat uisce a chaomhnú agus athrú a mbeidh tionchar buan aige a dhéanamh.

Tabhair gealltanas uisce a chaomhnú
Déan an cinneadh athruithe a dhéanamh chun uisce a chaomhnú i do ghnólacht. Is féidir leat do ghealltanas a phostáil ar na meáin shóisialta chun a thaispeáint go bhfuil tú ag gníomhú.
Leideanna faoi chaomhnú uisce
Dá laghad iad na hathruithe, is cúnamh mór iad. Déantar ár dtimpeallacht a chosaint trí uisce a chaomhnú. Ach chomh maith leis sin, is slí é chun do bhillí a laghdú agus chun cur le do cháil. Foghlaim an chaoi le tosú agus faigh leideanna a bhaineann go sonrach le do thionscal.
Faigh maoiniú do do thionscadal caomhnaithe uisce
An bhfuil tú ag smaoineamh cheana féin ar thionscadal éigin a bheidh ina chabhair agat chun gearradh siar ar an méid uisce a úsáideann tú? Tá roghanna éagsúla ann chun maoiniú a fháil. Léigh mar gheall GreenStart ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.
Bí i measc na ngnólachtaí uile a chríochnaigh ár gclár
Is iad seo na gnólachtaí is mó a bhfuil caomhnú uisce tábhachtach dóibh.

Dublin Airport Authority
Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2020
Read more Read more - opens in a new tab
Architectural & Metal Systems
Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2020
Read more Read more - opens in a new tab
Dublin City University
Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2019
Read more Read more - opens in a new tab