Skip to main content

Deireadh le Fógra Uisce a Fhiuchadh do sholáthar Uisce Poiblí na Fainge/Inbhir na Sionnaine

Ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, d’éisigh Uisce Éireann Fógra 
‘Uisce a Fhiuchadh’ ar Sholáthar Uisce Phoiblí Fhainge, Inbhear na Sionnainne ar an 13 Bealtaine 
2023.

Is mian le Uisce Éireann a chur in iúl do thomhaltóirí, go bhfuil deireadh láithreach bonn leis an bhFógra ‘Uisce a Fhiuchadh’ a bhí i bhfeidhm toisc go bhfuil oibreacha dheisiúcháin ar an soláthar seo críochnaithe agus toisc go bhfuil torthaí sásúla monatóireachta faighte. Rinneadh an cinneadh seo tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Is féidir le gach uile thomhaltóir ar Sholáthar Uisce Phoiblí Fhainge, Inbhear na Sionnainne tosú ar 
an soláthar uisce a úsáid mar is gnách arís le haghaidh óil, bia a ullmhú agus fiacla a scuabadh.

Leanfaidh Uisce Éireann agus an Grúpa Idirchaidrimh Áitiúil Uisce d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte orthu ag teacht le chéile d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar rialú próisis, ar mhonatóireacht 
agus ar an tástáil a dhéantar go leanúnach ar an soláthar uisce óil.

Tá Ionad Teagmhála Uisce Éireann do Chustaiméirí (1800 278 278) ar fáil chun ceisteanna ó chustaiméirí a fhreagairt maidir le críoch agus deireadh a bheith leis an bhfógra seo. Tá 
a thuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag /.

Ba mhaith le hUisce Éireann a bhuíochas a ghabháil don phobal i gcoitinne as bheith foighneach, 
comhoibritheach agus cabhrach le linn tréimhse an fhógra ‘Uisce a Fhiuchadh’ agus tá fíorbhrón orthu 
má chuir sé isteach ar shealbhóirí tí agus ar phobal gnó i slí ar bith.

An t-eolas is déanaí

Tá Uisce Éireann, Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh ar an airdeall go bhféadfadh sé a bheith baolach an t-uisce ó Sholáthar Uisce Poiblí na Fainge / Inbhir na Sionnaine a ól toisc gur aimsíodh cripteaspóiridiam ann.

De thoradh sin agus ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tá Fógra Uisce a Fhiúchadh, le feidhm láitheach bonn á éisiúint ag Uisce Éireann agus ag Comhairle Chontae Luimnigh chun sláinte thomhaltóirí a chosaint.

Baineann an fógra seo le gach uile thomhaltóir atá á soláthar ó Sholáthar Uisce Poiblí na Fainge/Inbhir na Sionnaine.

Caithfidh gach uile thomhaltóir buailte ag an bhfógra seo a gcuid uisce a fhiucadh sula n-ólfar é.

Tá léarscáil de Soláthar Uisce Poiblí na Fainge/ Inbhir na Sionnaine, ina bhfuil mionsonrú de na limistéir i gceist ar fáil ag www.water.ie.

Caithfear uisce a fhiuchadh (fiuchtar an t-uisce go fíochmhar ar feadh 1 nóiméad agus fuaraítear é ansin) d'fhonn:

  • Uisce a ól
  • Deochanna a ullmhú atá déanta le huisce
  • Sailéid agus bianna eile nach gcócaráiltear a ullmhú sula n-itear iad
  • Fiacla a scuabadh/ a chraosfholcadh
  • Leac oighir a dhéanamh. Bí cinnte de go gcaitheann tú amach aon chiúbanna leac oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí.

TÁBHACHTACH: Fiuchaigh an t-uisce trí é a thabhairt go dtí an pointe go mbeidh sé ar fiuchadh go fíochmhar agus lig dó fuarú. Clúdaigh é agus stóráil é sa chuisneoir nó in áit atá fuar. Níl uisce te a thagann ó sconna sa chistin nó ó dhoirtil sa seomra folctha sábháilte len'ól.

Ní ghá duit d'uisce a fhiuchadh sa chúinsí seo a leanas:

  • Sláinteachas pearsanta, folcaí agus ceathanna
  • Leithris a shruthlú
  • Plandaí agus bláthanna a uisciú

Bí ar an airdeall:

  • Nach bhfuil scagairí uisce tí leordhóthanach chun an t-uisce a dhéanamh in-ólta
  • Nach n-ólfadh páistí an t-uisce folctha agus iad á ní san fholcadán
  • Go gcaithfear amach ciúbanna leac oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus go gcaithfear amach uisce scagtha atá i gcuisneoirí. Déan ciúbanna leac oighir le huisce atá fiuchta agus fuaraithe
  • Má tá peataí agat agus má bhíonn imní ort faoin éifeacht a bheadh ag uisce ón soláthar poiblí orthu fad is atá an Fógra Uisce a Fhiuchadh i bhfeidhm; faigh comhairle ón tréidlia áitiúil

Uisce ullmhaithe amháin is ceart a úsáid sna cúinsí seo a leanas

  • Nuair atá bianna á ullmhú nach gcócarálfar (mar shampla sailéid a ní agus a ullmhú)
  • Bainne Foirmle do Naíonáin: Nuair a bhíonn Fógra Uisce a Fhiuchadh i bhfeidhm, is féidir leat bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna ach é a fhiuchadh uair amháin  (uisce a fhiuchadh go fíochmhar ar feadh nóiméad amháin) agus é a fhuarú roimhré. Is féidir uisce buidéil a úsáid chun bainne foirmle naíonáin a dhéanamh. Tá uisce buidéil (seachas uisce mianraí nádúrtha) faoi réir rialachán ar chomhchaighdéan le huisce óil. Is fearr gan uisce buidéil leis an lipéad 'Uisce Mianraí Nádúrtha' a úsáid toisc gur féidir ardleibhéil de shodiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann cé nach minic a bhíonn sé sin i gceist. Is féidir 'Uisce Mianraí Nádúrtha' a úsáid sa chás nach bhfuil aon uisce eile ar fáil ach é a úsáid don tréimhse ama is lú, tá sé tábhachtach naíonáin a choiméad hiodráitithe.
  • Má úsáidtear uisce buidéil chun bainne foirmle naíonáin a dhéanamh ba cheart é a fhiuchadh uair amháin, (fiuctha go fíochmhar ar feadh nóiméad amháin) agus fuaraithe sa ghnáthshlí. Is féidir bainne foirmle naíonáin réidh - le-húsáid nach gá uisce a chur leis a úsáid freisin.

Bí cúramach i gcónaí:

Ní mór a bheith fíor-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalltaí a sheachaint. Is féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe nuair a bhíonn leanaí i gceist.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.