Iarrann Uisce Éireann ar chustaiméirí i Ráth Mealtáin, i mBaile na nGallóglach agus sa Cheathrú Chaol leanúint lena n-iarrachtaí uisce a chaomhnú
Táthar ag iarraidh ar chustaiméirí i Ráth Mealtáin, i mBaile na nGallóglach agus sa Cheathrú Chaol leanúint ar aghaidh lena n-iarrachtaí uisce a chaomhnú mar gheall ar leibhéil ísle uisce i Loch Cholm Cille, foinse uisce an cheantair.
Táthar ag iarraidh ar chustaiméirí a bheith airdeallach ar a dtomhaltas uisce chun ligint do sholáthar atá ar gcúl, athlíonadh agus riar ar an éileamh agus ligint do na tascumair athlíonadh go hiomlán arís. Má bhíonn an-éileamh ar an uisce d’fhéadfadh go mbeadh laghdú ar an mbrú uisce agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh sé sin cur isteach ar sholáthar chuig custaiméirí.
Míníonn An tUasal Damien O’Sullivan, Bainisteoir Oibríochtaí Líonra Uisce de chuid Uisce Éireann an scéal: ‘Tá sé tugtha faoi deara ag muintir na háite go bhfuil leibhéal an uisce i Loch Cholm Cille níos ísle ná mar is gnách don tráth seo den bhliain. Tá sé seo amhlaidh toisc go raibh laghdú mór ar an mbáisteach le sé mhí anuas agus méadú suntasach ar an éileamh ar uisce i mBaile na nGallóglach le roinnt blianta anuas mar gheall ar fhás sa cheantar. Cé go measann daoine go dtiteann dóthain báistí in Éirinn, léiríonn faisnéis go raibh an Fómhair agus an Geimhreadh níos teo agus níos tirime ná mar is gnách. De thoradh sin, níor athlíon an loch mar a tharlaíodh roimhe seo agus táimid ag dul i dtreo míonna an tSamhraidh le leibhéil uisce atá níos ísle ná an meán. Mar fhreagra ar sin, táimid tar éis ár n-iarrachtaí a mhéadú i ndáil le sceití a aimsiú, píobáin a dheisiú agus i dáil le bainistiú an líonra féin go ginearálta.
Lean Damien air: “Táimid tar éis roinnt rudaí a dhéanamh chun an t-éileamh a laghdú agus san am céanna cur leis an soláthar go mBaile na nGallóglach ó sholáthair in aice láimhe ionas go mbeidh an deis ann do Loch Cholm Cille athlíonadh arís. Bhí laghdú 40% ar asbhaint as Loch Cholm Cille ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá acmhainní sa bhreis curtha ar fáil againn chun sceití ríthábhachtacha sa líonra a aimsiú agus a dheisiú. É sin ráite, áfach, táimid ag impí ar chustaiméirí i Ráth Mealtain, i mBaile na nGallóglach, sa Cheathru Chaol, agus sna ceantair mháguaird a bheith ag smaoineamh mar gheall ar a dtomhaltas uisce agus iarrachtaí a dhéanamh an t-uisce a chaomhnú. Méadaíonn ár dtomhaltas uisce de réir mar a éiríonn sé níos teo. D’fhonn soláthar a chosaint, táimid ag impí ar gach uile dhuine a bheith airdeallach faoina dtomaltas uisce. Is féidir le hathruithe beaga tionchar suntasach a bheith acu - mar shampla; múch an sconna agus fiacla á scuabadh, ná cuir miasníteoirí nó meaisíní níocháin ar siúl ach amháin nuair a bhíonn siad lán, deisigh aon sconna atá ag sileadh, má dhéantar na rudaí seo beidh éifeacht nach beag acu agus cuirfear go mór le hiarrachtaí an brú ar an loch a laghdú. Má oibrímid le chéile is féidir linne an acmhainn ríthábhachtach seo a chosaint.”
Tá áireamhán éasca - le - húsáid forbartha ag Uisce Éireann chun cabhrú le daoine an méid uisce atá á shábháil acu a dhéanamh amach agus féachaint an bhfuil aon rud eile gur féidir a dhéanamh chun tuilleadh uisce a chaomhnú. Féach ar water.ie/calculator.
Anois an t-am do dhaoine seiceáil a dhéanamh an bhfuil aon sceití lasmuigh dá dtithe nó dá ngnónna. D’fhéadfadh an scéim um Chéad Deisiú Saor in Aisce, foráil a dhéanamh do dheisiúchán saor in aisce ar réadmhaoin phríobháideach má aimsítear sceitheadh ann. Bheimis thar a bheith buíoch dá rachadh na daoine sin a rinneadh teagmháil leo i ndáil le fiosrúchán saor in aisce chun sceití aimsiú i mbun cainte linne ionas go bhféadfaimis aon sceitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann a reiteach.
Tá eolas faoin scéim agus neart nodanna maidir le caomhantas uisce ar fáil ar water.ie. D’fhonn sceití sa líonra poiblí a thuairisiciú, nó chun tuilleadh eolais a fháil, tá deasc cabhrach Uisce Éireann ar fáil 24/7 ar 1800 278 278.
Tá seirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas fíor-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin anseo.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.